Cad É Sin Don Té Sin - Moya Brennan | TG4

Tugadh spléachadh sa gclár seo ar shaol agus ar shaothar Moya Brennan. Bhí idir agallaimh agus taispeántais cheolmhara ó Moya féin, Imelda May, Paul Brady, Damien Dempsey agus neart eile ar an gclár. A definitive portrait of the life and career of Moya Brennan. Here is a clip from the documentary with Moya Brennan (vocals, harp) & her two children Aisling (vocals, guitar) & Paul Jarvis (vocals, cajón), Mairéad Ní Mhaonaigh (vocals, fiddle) & her daughter Nia Byrne (fiddle) & Cormac de Barra (vocals, harp). LYRICS: Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do’n té sin nach mbaineann sin dó Má théim ’na choille chraobhaigh cruinniú smeara nó cró A bhaint úllaí de ghéaga nó a bhuachailleacht bó Má shíním seal uaire faoi chrann a dhéanamh só Ó cad é sin do’n té sin nach mbaineann sin dó Má théimse chuig airnéal is rince is spórt Chuig aonach is rásaí ’s gach cruinniú den tsórt Má chím daoine súgach is má bhím súgach leo Ó cad é sin do’n té sin nach mbaineann sin dó Deir daoine go bhfuil mé gan rath ’s gan dóigh Gan earra gan éadach gan bólacht ná stór Má tá mise sásta mó chónaí i gcró Ó cad é sin do’n té sin nach mbaineann sin dó Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór Ó cad é sin do’n té sin nach mbaineann sin dó Tá MOYA ar fáil ar Sheinnteoir TG4 am ar bith, ar fud na cruinne / MOYA is available to watch on the TG4 Player - Watch anytime, anywhere all over the world 🌎🎶 ➡️ Subscribe to TG4’s Irish Traditional Music Channel on YouTube / Glac síntiús chuig cainéal ceoil TG4 ar YouTube ➡️ #Moya #TG4 #TradTG4 #CeolTG4
Back to Top