Niamh de Brca & Mark Kelly - Timse gus Mire (2009, The Laurels, Clondalkin, Dublin)

Táimse ’gus Máire go sásta inár n-aigne, Ó nascadh i bpáirt sinn ag an altóir ró-bheannaithe, Thug sise grá thar cairde ’gus fearaibh dhom, Thógas ar láimh í ’s go brách brách ní scarfaimid. Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn, Rex-fol-dí-dó, rex-fol-dí-dow- déró---di-dí. ’Sí mo chéile-se Máire an stáidbhean mhodhúil mhaisiúil, Í ag luascadh an chliabháin is an páiste ar a sheascaireacht. Stoca ’na láimh is na bioráin inti a’ preabarnaigh, Is í a’ cniotáil is a’ crónán don leanbhín. Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn, Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-dow- déró-di-dí. Tá mo theaghlach san áit is fearr ar an mbaile seo, I bpáirc an tsrutháin a sháraíonn seacht n-acra, Cruithneacht a’ fás ann chomh hard leis na clathacha, ’S go bhfeicfidh mé an lá go mbeidh sí aibí. Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn, Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-dow- déró-di-dí. Tá cruithneacht ag fás i mo gháirdín go slachtaithe, Úill, spíonáin agus cuiríní dearga. Siúcra i mála trí ráithe go taiscithe, Chun subh is misleáin don bháb is don bhanaltra. Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn, Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-dow- déró-di-dí ’Sé mo ghuí chun an Ard-Mhic a ghrásta do scaipeadh orainn, ’S go leanfaidh an t-ádh san gan ghátar gan easpa orainn, Nuair a thiocfaidh lá an áirimh in áitreabh úd Jasapheth, Go dtóga Dia in airde sinn go Gairdín Phárthais. Bímse ag seinnt ceoil, bíonn poirtíní béil againn, Rex-fol-dí-ó, rex-fol-dí-dow- déró-di-dí
Back to Top